Seachtain Folláine
Seachtain Folláine
Bhain na páistí, an fhoireann agus comhphobal na scoile an-sult as an tSeachtain Folláine. Bhí maidin chaifé ann Dé Luain, eagraithe ag M.Cristíona, le cainteanna ó Sharon Fennelly agus Alison Caldwell. Cúrsaí aireachais (mindfulness)a bhí á phlé acu agus cuideoidh na naisc thíos go mór. Phrases to help calm a worried child Calm agus Insight Timer Bain triail as Grounding in Breathing agus Body Scan Ghlac na paistí páirt in imeachtaí follane sa rang freisin, ar nós físeanna treoraithe, agus ealaín bunaithe ar an bhfolláine chomh maith. Bhí bricfeasta speisialta ag an bhfoireann Dé Máirt, a chur dea-ghiúmair ar achan duine. Lá ‘le Vailitín a bhí ann agus scaip Rang 3 croíthe ar achan duine sa scoil le teachtaireachtaí deasa orthu. Bhí frásaí folláine in airde ag Rang 6, don scoil uilig. Ar an gCéadaoin, bhain na páistí sult as an scannán ‘Inside Out’. Bhí píotsa ag na páistí móra agus rudaí deasa eile ag na daoine beaga. Ár mbuíochas le hachan duine a chuidigh leis na himeachtaí... Níos mó >>
Ceardlann Ealaíne le Creative Spark agus Rang 4
Bhí cuairt ag Rang 4 ón ealaíontóir Susan Farrelly le déanaí. Le cuidiú ó Susan, dhearaigh siad ceithre phíosa ealaíne, bunaithe ar scéal Naomh Bríd, ceann do gach ceann de na ceithre séasúir. Beidh na piosaí ealaíne mar chuid de chlóca mór a bheidh ar taispeáint i Creative Spark do Lá ‘le Bríde. Tuilleadh le feiceáil anseo Tuilleadh le feiceáil... Níos mó >>
Lá na Seantuistí 2023
Bhí ócáid speisialta againn fá choinne ‘Lá na Seantuistí’ a tharla ar an 25/1/23, le linn Seachtain na Scoileanna Caitliceacha. D’fhreastal na seantuistí (agus cúpla tuiste fosta) agus na páistí as Rang 3 ar Aifreann agus ansin, tháinig siad ar ais go halla na scoile do chupán tae agus craic! Bhain achan duine an-sult as an mhaidin, agus ár mbuíochas le M.Cristíona a d’eagraigh an... Níos mó >>
Piastlanna, Rang 3
Rinne Rang 3 péistlanna inniu -amharc ar na pictiúir anseo Níos mó >>
Boscaí Nollag!
Uasdátú: Shroich na Boscaí Nollag an Úcráin ar an 21/1/22! Míle Buíochas do gach duine a chuidigh leis na boscaí Nollag i mbliana – 118 bosca ar fad a bailíodh. Buíochas ar leith le M.Edel agus Glór na nÓg. Tig leat tuilleadh a léamh faoi obair Conor Hughes le Cross Cause... Níos mó >>