Bricfeasta Fraincise!

Bricfeasta Fraincise!

Ar an 30/3/23 chuir M.Séamus críoch leis na ceachtanna Fraincise le bricfeasta speisialta sa halla. Bhí croissant, pain au chocolat, sú oráiste agus baguette ag na páistí, agus atmasféir Fraincise cruthaithe ag ceol agus íomhánna ón Fhrainc! Bhain R4, R5 agus R6 an-sult as! Níos mó anseo   Níos mó >>

Gleacaíocht- Corn an Teaghlaigh Naofa

Ghlac foireann na mbuachaillí agus foireann na gcailíní páirt i gcomórtas gleacaíochta an teaghlaigh Naofa i Scoil Naomh Íosaf le déanaí. Maith sibh, agus buíochas le M.Edel a d’ullmhaigh na...   Níos mó >>

Breithlá Pháidín !

Bhí cóisir ag na Naíonáin Bheaga do Pháidín. Bhí am ar dóigh...   Níos mó >>

Na Trí Mhianta

Comhghairdeas le Rang 3 a ghlac páirt i gcraobh Laighean den Fhéile Scoildramaíochta sa Mhuileann gCearr. Buíochas leis na múinteoirí (M.Diarmuid, M.Caoimhe agus M.Joan) agus leis na tuismitheoirí agus cairde a thaisteal chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Na Trí Mhianta   Níos mó >>

Seachtain na Gaeilge 2023

Blaisín den Cheolchoirm a bhí againn ar an 13/3/23: An Grúpa ‘Duvet’ le Caoilte (méarchlár), Conall (giotár) Iollann (giotár) Feilimí (dord) agus Cillian (drumaí) Duvet! Cláirseoirí Rang 6 Cláirseoirí R4 agus píobairí Rang 5 Joe Byrne (piobaí uilleann) agus Deirdre Ní Bhuachalla (Cláirseach) – Carolan’s Concerto The Lark in the Morning Jamie, Saidhbh agus Miah, Lá ‘le Pádraig Kasi, Jamie, Saidhbh – ‘An...   Níos mó >>

Peace Proms 2023

Bhain páistí as Rang 5 & Rang 6 an -sult as Peace Proms san SSE Arena i mBéal Feirste ar an Domhnach, an 26/2/2023. Bhí lá iontach acu ó thuas go deireadh, ag canadh, ag damhsa agus ag éisteacht le scoth an cheoil ó cheolfhoireann Peace Proms, ón amhránaí Lauren Murphy, ó Chonall Ó Dubhthaigh ar na píobaí, iar-scoláire Ghaelscoil Dhún Dealgan. Bhí damhsóirí iontacha ann fosta -damhsóirí Gaelacha agus Albanacha, chomh maith le drumadóirí agus píobairí. Thaisteal baill chlainne ó Dhún Dealgan chun tacú leo, agus bhí scoileanna ó chúige Uladh agus ó Chontae Lú ann chomh maith, 4000 páiste ar fad! Bhí lá ar dóigh ag M.Áine, M.Éadaoin agus M.Caoimhe chomh maith, agus ár mbuíochas le M.Edel a rinne a lán oibre leis na páistí, ag ullmhú don...   Níos mó >>