Bratach na hÉireann
Bronnadh Bratach na hÉireann agus cóip den Fhorógra bunaidh ar an scoil ar an 16/2/16.
Cheiliúraigh muid le damhsa agus ceol.
Seo iad Éire, Megan agus Emily ag damhsa dúinn:
Léigh Ali sliocht as an bhForógra dúinn. Ghlac Brooklyn, mar an dalta is sine sa scoil, cóip den Fhorógra ar son na scoile, agus bronnadh an Bratach Náisiúnta ar Mason, an dalta is óige sa scoil.
Beidh searmanas ardaithe brataí ann ar an Lá Forógra do scoileanna, an 15 Márta.