Breithlá Pháidín !
Breithlá Pháidín !
Bhí cóisir ag na Naíonáin Bheaga do Pháidín. Bhí am ar dóigh... Níos mó >>
Na Trí Mhianta
Comhghairdeas le Rang 3 a ghlac páirt i gcraobh Laighean den Fhéile Scoildramaíochta sa Mhuileann gCearr. Buíochas leis na múinteoirí (M.Diarmuid, M.Caoimhe agus M.Joan) agus leis na tuismitheoirí agus cairde a thaisteal chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Na Trí Mhianta Níos mó >>
Seachtain na Gaeilge 2023
Blaisín den Cheolchoirm a bhí againn ar an 13/3/23: An Grúpa ‘Duvet’ le Caoilte (méarchlár), Conall (giotár) Iollann (giotár) Feilimí (dord) agus Cillian (drumaí) Duvet! Cláirseoirí Rang 6 Cláirseoirí R4 agus píobairí Rang 5 Joe Byrne (piobaí uilleann) agus Deirdre Ní Bhuachalla (Cláirseach) – Carolan’s Concerto The Lark in the Morning Jamie, Saidhbh agus Miah, Lá ‘le Pádraig Kasi, Jamie, Saidhbh – ‘An... Níos mó >>
Peace Proms 2023
Bhain páistí as Rang 5 & Rang 6 an -sult as Peace Proms san SSE Arena i mBéal Feirste ar an Domhnach, an 26/2/2023. Bhí lá iontach acu ó thuas go deireadh, ag canadh, ag damhsa agus ag éisteacht le scoth an cheoil ó cheolfhoireann Peace Proms, ón amhránaí Lauren Murphy, ó Chonall Ó Dubhthaigh ar na píobaí, iar-scoláire Ghaelscoil Dhún Dealgan. Bhí damhsóirí iontacha ann fosta -damhsóirí Gaelacha agus Albanacha, chomh maith le drumadóirí agus píobairí. Thaisteal baill chlainne ó Dhún Dealgan chun tacú leo, agus bhí scoileanna ó chúige Uladh agus ó Chontae Lú ann chomh maith, 4000 páiste ar fad! Bhí lá ar dóigh ag M.Áine, M.Éadaoin agus M.Caoimhe chomh maith, agus ár mbuíochas le M.Edel a rinne a lán oibre leis na páistí, ag ullmhú don... Níos mó >>
Seachtain Folláine
Bhain na páistí, an fhoireann agus comhphobal na scoile an-sult as an tSeachtain Folláine. Bhí maidin chaifé ann Dé Luain, eagraithe ag M.Cristíona, le cainteanna ó Sharon Fennelly agus Alison Caldwell. Cúrsaí aireachais (mindfulness)a bhí á phlé acu agus cuideoidh na naisc thíos go mór. Phrases to help calm a worried child Calm agus Insight Timer Bain triail as Grounding in Breathing agus Body Scan Ghlac na paistí páirt in imeachtaí follane sa rang freisin, ar nós físeanna treoraithe, agus ealaín bunaithe ar an bhfolláine chomh maith. Bhí bricfeasta speisialta ag an bhfoireann Dé Máirt, a chur dea-ghiúmair ar achan duine. Lá ‘le Vailitín a bhí ann agus scaip Rang 3 croíthe ar achan duine sa scoil le teachtaireachtaí deasa orthu. Bhí frásaí folláine in airde ag Rang 6, don scoil uilig. Ar an gCéadaoin, bhain na páistí sult as an scannán ‘Inside Out’. Bhí píotsa ag na páistí móra agus rudaí deasa eile ag na daoine beaga. Ár mbuíochas le hachan duine a chuidigh leis na himeachtaí... Níos mó >>